Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inbhear
- XML Leathanach 575
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal Grinn
“Bhí triúr mac de Chlann Aindriú na Maoile ins an tír seo fadó agus deirtear rud ar bith a d'inniseadh muintir an bhaile dóibh chreideadh siad é.”
Bhí triúr mac de Chlann Aindriú na Maoile ins an tír seo fadó agus deirtear rud ar bith a d'innseadh muinntir an bhaile dóibh chreideadh siad é. Falsóirí do bhí ionnta mar ní dheanfadh siad aon obair ó cheann ceann na bliana agus ní cuirfeadh siad cumhdach ar bith ar an teach na go mbíodh an geamhar fásta aníos tríd. Fuair a n-athair agus a mháthair bás nuair a bhí siad óg. Ins an tráth sin ní raibh sgoil ná léigheann le fághail ag daoine óga mar tá anois agus d'fhás siad suas gan fios aca ar mhórán ach do réir mar bhíodh chuile dhuine ag cur in a gcloigeann agus chreideadh siad gach nídh a d'innseóchaidh dóibh. Bhí fear amháin aca darbh ainm Seán agus deirtear go raibh sé ní ba chliste ná aon chuid eile agus nuair a bhíodh ceist ar bith le réidhteach d'fhágadh i mbreitheamhnas Sheáin. Bhí siad lá amháin amuigh agus chonnaic siad seilmide na luighe ar chloich agus ní raibh fhíos ag ceachtar aca céard e.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Iósephín Muilleach
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Graith
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann