Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)

Suíomh:
An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Tomás Mac Gearbhuigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 583

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 583

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inbhear
  2. XML Leathanach 583
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    9. Cé h-iad na trí litreacha is mó onóir i mBéarla na Geadhilge. (Dia)
    10. Cé'n chaoi dtiubharfá gé, sionnach, punnan, choirce, treasna an chalaidh sa gcaoí nach n-iosfhadh ceachtar aca an ceann eile. Agus gan thar ceann amháin a thabhairt leath gcurrach gach turas.
    11. Tá sé thoir, tá sé thiar, tá sé i ngáirdín Bhaile Átha Cliath. Is mo a ghreim na greim capaill agus ní itheann sé greim ar bith (speal)
    12. Cailleach sa gclúid agus perieóc dubh uirthi.
    13. Chuaidh mé suas le fáinne an lae: connaich mé rud beag n-a luighe sa bhféar niorbh iasg é ná feoil: fuil na cnámh: agus choinnic mé é ag siubhal uaidh féin . (ubh)
    14. Bhuail mé suas an bóthar agus thug mé liom an rud nach raibh mé ag iarraidh.
    15. Cé'n rud is mo a bhfuil suile air agus nach bhfeiceann (criathar)
    16. Cé'n rud a bhionns ag siubhal ar a cheann (táirgne bróg)
    17. Molt mór, dubh, teann, istigh idir dhá gleann. Nuair a bhogann an molt mór, dubh, teann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Mac Aindrias
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Gort Breac Thuaidh, Co. Mhaigh Eo