Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inbhear
- XML Leathanach 595
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Paidreacha.
"Tigeadh sibh" dubhairt Muire "ná go gcaoineadh sibh mo Ghrádh liom"
Céard a chaoineas muid mar gcaoinfimíd na cnámha.
"Caoinfimíd iad sin féin agus ní dona é an ádhbhar.
Agus caoinfimíd go mór iad i nGairdín Párrtas" Ochón! Ochón ó.
D'éirigh an dá Mhuire amach amach sa lá liom
Ag taomadh na fola agus bh'fhurust a fáil ann
Tháinig Aingeal geal as Flaitheas agus solas n-a deas lámh leis. "Sé do bheatha a Mhuire" Dubhairt Rí geal na nGrásta Ocón! Ocón! Ó.
Tigimíd agus teanaimíd go sochraoidh á Slánuighteóir.
Mar chuaidh an Mhaigdean Mhuire go sochraoid a h-aon mhac fhéin ar Sliabh Chalbharia. An áit n-a raibh a chuid fola mín uaisle dhá dhórtadh. Agus a chuid feóla mín uaisle da strócadh. Ocón agus Ocón! Ó. Thogadh suas É ar guailleachaibh Árda. Ochón agus Ochón! Ó. Agus buaileadh ar ais anuas É ar leacrachaibh na sráide Ocón agus Ocón! O.- Bailitheoir
- Cáit Ní Núadhain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo