Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inbhear
- XML Leathanach 643
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1) Is olc é biseach an Dómhnaigh2) Ní olc na maith é leigheas an Dómhnaigh3) Ní áin le Dia bás an pheacaigh4) Fear maith gon féachaint5) Sé do ghreann an greann cnapach6) Súgradh an chait leis an luchóg
7) Is i ngrádh a chumhlódar a théigheanns na madaí chun aifrinn
8) Is mór an truaigh duine gan éinne
9) Ní fearr a bheith ró dheas ná bheith in a chleas margadh
10) Is doiligh rud a fhághail níos láidre na an fhairrge mhór
11) Ní béile amháin a ramhruigheans múc12) A sgéal féin sgéal gach éinne
13) Nuair is mó a bhíonns fearg ort suidh síos agus caith do phíopa
14) Coinnigh an cnámh agus béidh an mada ag dúil leat
15) An rud a théigheanns amach ar iasacht tagann sé isteach 'na striallacha
16) Is mairg don té a bheireas gléas a mhillte(?) dá námhaid(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Ó Cabhail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo