Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inbhear
- XML Leathanach 669
- XML “Luibheanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Luibheanna.
Ins an áit a bhfuil talamh bocht corruigheachta fásann clúan agus clúnach dearg agus capógaí agus déanann siad an talamh an-bhocht mar tugann siad leo an méid maitheasa atá sa talamh.
Ins an áit a bhfuil talamh saidhbhir fásann créactáin, giolcach calicógaí Fásann go leór baráiste i gcorr píosaí coirce agus coirce ar bith a fhásanns sé ann ní bhíonn aon mhaith ins an gcoirce sin.
Baintear gais-searbhán agus lutharnach do na buaibh agus do na mucaibh. Tá gais-searbhán go h-an mhaith le na bhruith agus a thabhairt do na ba bainne agus gráine minbhuidhe a chuir tríd.
Tugann se baine dóibh. Tá gais-searbhán eile ann a bhfuil cuisle dhearg ag rith ar fhad na n-duileabhair agus baineann siad agus bruitheann siad é agus nuair a bhíonns sé bruithte annsin síolann siad agus cuireann suid i mbuidéal é i gcuideachta le braon uisgebeatha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Corcoráin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Gort Breac Thuaidh, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Séamus Muilleach
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort Meille, Co. Mhaigh Eo