Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inbhear
- XML Leathanach 796
- XML “Díol agus Ceannacht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Díol agus Ceannacht.
Bhí siopaí beaga fairsing go leór ar fud na mbailte fadó, níos fairsinge ná tá siad anois agus bhíodh sean-mhná ag dul thart ó theach go teach ag díol builíní, té, agus siúcra, tobac agus gach rudaí mar sin agus thugadh siad na h-Ugstéirí orthu. Ní cuimhneach le duine ar bith atá le fagháil anois go raibh teach phobal 'sa bparráiste seo roimh ceann na n-Achadh agus taréis am Aifrinn chuile Dhómhnach bhíodh daoine taobh amuigh ag díol rudaí.
Bhíodh fear amháin ann a dtugadh siad Dic Miathán air agus théigheadh sé amach go Béal - an - Átha le chairt agus thugadh sé isteach lán cartach de chuile shórt rudaí go Fálach an áit ina raibh sé ina chómhnuidhe agus nuair a thiocfadh an Dómhnach thugadh sé an méid sin leis go teach an phobail. Bhi teachín beag déanta aige(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Iósephín Muilleach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort Meille, Co. Mhaigh Eo