Scoil: Ceathrú Thaidhg (uimhir rolla 15032)
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
- XML Leathanach 227
- XML “Bia etc.”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)duine isteach de na comhursna agus bhíodh siad ag innsint scéalta agus ag seanchas.
Nuair a bhualadh ocras iad chaitheadh siad síos cúpla fata sa luaith agus chuireadh siad an luaith i n-a mullach, agus cúpla aithinne.
Nuair a thigeadh siad abhaile ó'n scoil ní bhíodh rómpa ach pláta báirnigh agus arán min bhuidhe.
Tae dubh a bhíodh siad ag ól mar ní raibh aon bhó ann le aon deor bhaine fhágháil, agus ní bhíodh an tae dubh ró-mhaith ach oiread acú.
Nuair bhíodh siad ag dul as baile le h-aghaidh rud ar bith chaitheadh siad siubhal mar ní raibh cart nó cárr nó rothar annseo an t-am sin. Go minic théigheadh siad ag marcuigheacht ar asal.- Bailitheoir
- Pádraig Ó Deaganaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Micheal Baireid
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 38
- Seoladh
- Ceathrú na gCloch, Co. Mhaigh Eo