Scoil: Ceathrú Thaidhg (uimhir rolla 15032)
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
- XML Leathanach 233
- XML “Bia”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní raibh tae i ngach teach seachtmhodh blian ó shoin. Bhí an tae ocht scilleach' an punt an t-am sin, agus bhí an siuicre seacht scilleach an chloch. Ní thiocfadh le daoine bochta tae agus siucra a cheannacht an uair sin. Bhíodh tae ag daoine a raibh airgead acú le n-a cheannacht. Seo é an chaoi a réidhtigheadh siad é.
D' fhiuchadh siad an t-uisce i scilléad, agus chuireadh siad an tae air. Annsin choinnigheadh siad na duilleoga tae agus chuireadh siad siuicre ortha agus d' ithidis iad.
Bhíodh trí cineál aráin acu : arán min-choirce, arán sheagail, agus arán eorna. Trí bhéile sa lá a d'itheadh na daoine : an bricfeasta, an dinnéar, agus an suipéar. Bhíodh brachán agus bainne acu le h-aghaidh bricfeasta go minic, agus corr-thorn eile bhíodh fataí agus bainne acu. Le h-aghaidh an dinnéir bhíodh fataí agus iasc úr acú, agus bhíodh an rud(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Liam Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Port an Chlóidh, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Burnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Port an Chlóidh, Co. Mhaigh Eo