School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)
- Location:
- Cill Íseal, Co. Phort Láirge
- Teacher: Seán Ó Conaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
- XML Page 95
- XML (no title)
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí sí ina suidhe cois teine go gnóthach i n-iomadh le na paidrín.”
Bhí sí ina suidhe cois teine go gnóthach i n-iomadh le na paidrín agus ag bodhradh gach duine bhí istigh leis an glór diaganta nuair a bhuail mac a mic isteach sa macha ón baile mór; gual a bhí aige i mála i gcairt an asal. Bhí sé ag cnámh-a-dhithchill i n-achrann leis an mála.
Chonaic an t-sean-bhean conas mar a bhí an scéal aige agus í i lár "go mbeannaithe duit". Scread sí amach in árd a gutha "leag ansan é agus ná strac a'tóin as". De réir deallramh ní raibh sí sásta gur thig an 'lead' í mar gan mhoill tháinigh aistriughadh na h-abairte agus le faobhar ina guth "Knock her there and don't drag the a-s out of her".(no title)
“Timcheall caogadh bliadhain ó shoin nuair a bhíos óg agus dá dteipfeadh orm.”
Timpeall caogadh bliain ó shoin nuair a bhíos óg agus dá theipfí orm lucht do chur ar pé rud a bheadh le déanamh agam, le searbhas do bhuaileadh ar mo caisibh "Thut, a bhóoda, bhouda, nach cocach d'iomchuireann tú do cheann leitean"(no title)
“Bíodh léite againn gach maidin roimh an té agus uaireanta ná bíodh sé déanta go ró-mhaith agus bíodg cuspóin ann agus bíodh gach duine dhínn ag iarraidh iad do shéanadh.”
Bhíodh leite againn gach maidin roimh an té agus uaireannta ní bíodh sé déanta ró-mhaith agus bíodh cnapáin ann agus bíodh gach duine dúinn ag iarraidh iad do shéanadh. As seo a thagadh. Maidin amháin dhein duine gearán leis an athair ar duine eile dhínn mar seo - "Willie here, wouldn't eat the knobs, sir." Labhair m'athair "Ar m'anam, mar a n-íosfaidh sé na knobs tabhairfidh mise knobs dó sa chúl".
Ní raibh a thuille sa scéal agus cuireadh deire leis na knobs.- Collector
- Seán Ó Conaire
- Gender
- Male