Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 182
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí triúr dearbhrathair in a gcómhnuidhe i Min a Bhradain aon uair amháin agus ní rabh siad ariamh ar sgoil.”
Bhí triúr dearbhrathair in a gcómhnuidhe i Min a Bhradain aon uair amháin agus ní rabh siad ariamh ar sgoil. Nuair a bhí sé dá lá ar sgoil tháinig litir go dtí an teach agus ní rabh an bheirt a bhí sa bhaile abalta an litir a léigheadh, agus dubhairt siad go bhfaghadh siad é go dtigeadh an fear eile abhaile.
Nuair a tháinig an fear eile abhaile thug an bheirt fhear an litir dó. D'amharc an fear ar an litir agus arsa seisean "muna bhfuil sé ar an taobh astuigh níl mórán ar an taobh amuigh." "O" arsa'n dhá fhear eile "na deas an rud an t-oideachas".- Bailitheoir
- Pádraig O Breisleain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cró an Chaorthainn, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraig O Breisleain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cró an Chaorthainn, Co. Dhún na nGall