Scoil: Mín Teineadh Dé

Suíomh:
Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1040, Leathanach 208

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1040, Leathanach 208

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Teineadh Dé
  2. XML Leathanach 208
  3. XML “Leigheasannaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    nuair a bhíonn sé a dtarraingt.
    "An gortughadh seo" deireann an duine a bhfuil dá tharraingt. "Ní h-eadh ach an leonadh seo." Deireann an duine eile. "An leonadh seo" deireann an duine ar a bhfuil dá tharraingt. "Ní h-eadh ach an gortughadh seo." deireann an duine eile. Deireann siad seo fhad a's tá siad ag tarraingt an láimh nó an chóis.
    Leigheas Faithní: Nuair a tá faithiní ort, tá leigheas amháin fa na gcoinne agus seo é. Nuair a bheitheá ar an cruic agus tigeann tú fhad le poll i gcloch agus uisge ann thig leat do chósa a nidh ins an pholl beag uisge seo. Ach ní dhéanann sé cúis má bheitheá ag amharc fá choinne an phoill seo. Níl leigheas ar bith ann. Sin na sean leigheasannaí a bhí ag na daoine fadó agus sílim go bhfuil ní fearr ná leigheasannaí atá acu anois.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighreadh Ní Bhreisleain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cró an Chaorthainn, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Padraig Mac A Bhaird
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cró an Chaorthainn, Co. Dhún na nGall