Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 227
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé in a chomhnaidhe comhgarach do choill. Bhí beirt comradaidhe aige.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Tháinig an bheirt préachán agus sheas siad ar an chrann a raibh an bheirt fhear faoi. Thosuigh na préacháin ag cainnt eatorra féin. "Caithfidh sé go rabh duine eiginteacht ag éisteacht linn an oidhche dheireannach." arsa preachán amháin. "Furadh an bláth agus fuair ingean an rí biseach, agus fuair fear dall amharc aríst." "Seadh" arsa'n préachán eile agus "fuaradh an tobar a rabh sinne ag cainnt air." "Bhal" arsan chéad phréachán "caithfidh muid amharc anocht an bhfuil duine ar bith ag éisteacht linn." D'amharc an bheirt preachán anuas agus chonnaic siad an bheirt fhear. Tháinig an-fhearg ortha, agus d'eiteal siad anuas ó'n chrann. Stroic siad agus stiall siad do shúile an bheirt fhear. Chuaidh siad ar shiubhal annsin, bhí an bheirt fhear ina shuidhe annsin go brónach go maidin. An lá ina dhiaidh sin fuair an fear iad agus dubhairt sé leobhtha nach gceanglóchadh siad duine ar bith do chrann féasta.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall