Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 267
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear agus a bhean ann aon uair amháin agus bhí inghean amháin acu. Fuair an mháthair bás nuair a bhí inghean an óg ar fad.”
Bhí fear agus a bhean ann aon uair amháin agus bhí inghean amháin acu. Fuair an mháthair bás nuair a bhí inghean an óg ar fad. Ní rabh sí bhfad nuair a phósadh an t-athair aríst. Ní rabh an leas-mháthair maith do'n inghean ar chor ar bith. Anois bhí dhá inghean aicí fhéin. Fuair an t-athair bás annsin agus chuir an leas-mháthair an cailín seo amach go dtí an cnoc le buachailleacht a dhéanamh. Caitheadh an cailín teacht isteach go dtí an teach gach maidin agus gheibheadh sí grainín mín-choirce ag tairsighe an dorais. Acht an lá seo ní rabh a sáith aicí ar chor ar bith. Chuaidh sí amach go dtí an chnoc agus caidé tháinig chuicí acht caorach dubh. D'iarr an chaorach ar an chailín an raibh ocras uirthí. Dubhairt an cailín go rabh. Spréidh sí an téadach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire B. Ní Bhreisleain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ard an Amhairc, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seamús Ó Breisleain
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ard an Amhairc, Co. Dhún na nGall