Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 275
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé an bhocht. Bhí ceathrar mac aige.”
(ar lean ón leathanach roimhe)rud do fá dtaobh de na réaltógaí. Nuair a bhí sé ré ag fágail thug an fear gloine beag do agus dubhairt sé leis. Má amharcann tú fríd an ghloine sin arsa seisean, tcídhfidh tú gach rud atá ag tarladh ins an domhan. Chás na ceithre dearbhráthair ar a chéile ag an chrois-bhealaigh nuair a bhí an dhá bhliadhain caithte, agus chuaidh siad abhaile. Chuir an t-athair fáilte mhór rompa agus d'innis siad-san gach rud a tharlaidh dóbhtha. Bhí áthas ar an t-athair nuair a chualaidh sé gur fhoghluim siad go léir céirdeanna. San am seo chaill an rí a inghean agus ní rabh fhíos aige caidé a tharlaidh duithe. Dubhairt na ceithre dearbhráthair go bhfeicfeadh siad-san an rabh ádh ar bith ortha. Dubhairt an tríomhadh buachaill go bhfeicfeadh seisean cá rabh an inghean. D'amharc sé fríd a ghloine agus dubhairt sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall