Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 281
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear ann aon uair amháin. Bhí sé i gcomhnuidhe cóis fairrge.”
Bhí fear ann aon uair amháin. Bhí sé i gcomhnuidhe cóis fairrge, an cineál fear a bhí ann, bhí sé ina mhairnealach ar bord soithigh ar feadh bliadhanta. Thug fear uasal an mairnealach go dtí Tír Lochlann. Bhí sé ag déanamh iongantas de rudaí a bhí le feiceáil ann nach rabh le feiceáil in Éirinn. Ar an bhealach a rabh siad ag gabhail, casadh sean fhear air agus bhí sé ag caoineadh. Bhí feasóg fhada liath ar an fhear agus bhí sé an-aosta ar fad. Bhí canna leis ina láimh, bhí sé ag gabhail fá choinne canna uisge. Bhí iongantas ar an mhairnealach agus ní rabh fhios aige cé'n fáth a rabh sé ag caoineadh. Chuir an mairnealach ceist air fáth na caointe. "Bhuail m'athair mé agus chuir sé fá choinne canna uisge mé. "muise bhfuil dó athair beo go fóill." "Tá sé beo acht tá sé dall le seacht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eiblín Ní Chinneide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Artúr Ó Cinneide
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall