Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is da bhfanainn ann ráithe gheobhainn préataí aran agus im
Brachan is catbhruith i dtoigh Pádraig Móir 'Ach a' Ghoill
'Sí Aibhlin na pairte a dheanfadh a ngiollacht is a roinn.II
Is ró bheas an firín Éamoun ag cailín deas óg
Is gur labhar sé indé liom ag éirigh amach ó na seol
Má tá sé agam réidh go h-éag 'is ní chaithfidh mé spól
Go bhfaighe mé dó ghreasan de siabfaidhe mo teach le gaoithe móir. Sgríobh Domhnall fhéin an lán amhrán mar "Cailín", sin Éamoinn Hamilton Bhácer, Gleann Geis tá'n toigh agus "Cluiche an Bháis:. Sgríobh sé an ceann deirneach seo dha mhac Conall nuair a bhí sé fhéin ar leabaidh a bháis. Seo mar thug sé uaidh é: -I
Tháinig an bás go falaidh chugam ar chuaird,
Chraith sé láimh liom, "bhí sásta 'níos, tháinig an uair;
Tá mé de pháirt is go deo ní sgarfaidh mé uaidh
Go bhfágfaidh mé da chrámha ag do chairde sinte san uaigh.II
Is mór an t-iongantas go dtug tú spéis no geall;(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Padraig S. Mac a Ghoill
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Tomas Mac a' Ghoill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Sceadamán, Co. Dhún na nGall