Scoil: Mín Teineadh Dé (uimhir rolla 8517)
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 15
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I Fir LaidirTuairim agus 80 bliadhna ó shoin bhí fear ina chomhnuidhe ins an pharóiste seo agus Seán Ó hÁnlúin an t-ainm a bhí air, agus deireann na seandaoine go dtí an lá indiú go rabh sé ar an fhear a ba láidre a bhí ins an pharóiste sa am sin.II Na Gríomhartha a rinn sé. Seo cuid de na gríomharthaí a rinn sé. San am sin ní rabh tríoc nó gluaisteáin ar bith ann le rudaí a iomchar ó áit go h-áit agus b'éigin dó na daoine na rudaí a iomchar ar an druim. Aon lá amháin chuaidh Seán Ó hÁnluín go dtí an bhaile mhóir le sé málaí plúir a fhághail, agus chuaidh sé. THug sé leis rópa láidir a bhí déanta a's cóchan, agus níór stad sé go rabh sé san bhaile mhór, agus bhí sé mhíle le siubhal aige.
Ba ghnáthach leis na daoine san am sin rudaí a iomchar ó'n bhaile mhóir fa choinne a gcuid comhursan, mar ní rachfadh siad acht corr-uair go dtí an baile mór.
Ach san lá seo thug an fear leis an plúir acht níór theachaidh sé i bhfad gur bhris an rópa agus níór stad sé go rabh sé san bhaile mhór aríst. Cheannuigh sé rópa úr agus chuaidh sé aríst go dtí an áit a d'fhág sé an phlúr. Chuir sé na sé malaí plúir isteach san rópa chuir sé ar a dhruim iad agus níor stas sé go rabh sé sa bhaile.