Scoil: Mín Teineadh Dé (uimhir rolla 8517)
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 38
- XML “Scéal Greannmhar”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí mórán caoirigh aige. Aon lá amháin choinnigh sé a ghasúr abhaileo'n sgoil leis na caoirigh a choiméad mar go rabh sé fhéin ag dul go dtí an t-aonach. Ní rabh an gasúr i bhfad a choimhead na gcaoireach go dtáinig sagart thart agus thoisigh siad ag cainnt. Ins an deireadh chur an sagart ceist ar an gcuimheochadh sé na focla seo go dtí go dtigeadh seisean arais i gcionn bliadhna, agus thoisigh sé "A uain Dé a thógas Peacaidh an Domhain déan trócaire orainn."
I gcionn bliadhna no mar sin bhí an gasúr ins an pháirc cheadhna ag coimead chaoireach agus tháinig an sagart thart. Chuir sé ceist ar an ghasúr go rabh na focla aige. Dubhairt an gasúr go rabh. Abair iad. "An chaoirigh Dé a thógas Peacaidh an Domhain déan Trócaire orainn."
Dubhairt an sagart nach rabh sin ceart, acht dubhairt an gasúr. "Na h-uain a chonnaic tusa tá siad ina gcaoirigh móra anois."Pádraig Sn. Ó Breisleain
Cró an Chaoirthainn Pádraig Sn. Ó Breisleain (athair)
Cró an Chaoirthainn
Árd a Ráth
Tír Chonaill- Bailitheoir
- Pádraig Seán O Bhreisleain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cró an Chaorthainn, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraig O Breisleain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cró an Chaorthainn, Co. Dhún na nGall