Scoil: Mín Teineadh Dé (uimhir rolla 8517)
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 28
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Daoine Cáileamhla
Séan Ó Gallochabair.
Bhí mórán daoine cáileamhla ins an conndae seo fadó, agus bhí siad an láidir. Bhí fear amháin in-a chomhnuidhe i Mín A Chloich dar bh’ainm Séan Ó’Gallochabair agus fear measardha moir a bhí ann. Lá amháin bhí sé ag chur súgan ar a theach fhéin agus an tráthnóna sin nuair a bhí siad ag ceangail na ropaí ar an toigh níor d’iarr sé ar scian ar bith acht ghearr sé iad le a chuid fiachla.
Niall Ó’Luadhóg.
Bhí mórán fir in-Éireann fad ó shoin agus bhí siad an mhaith ag gearradh léim. Bhí fear amháin dar bh’ainm Niall Ó’Luadhogh agus ghearr sé mórán léim. Acht an ceann a bh’fearr a ghearr sé, na ghearr sé é trasna abhna. Bhí aonach ins na Cealla Beaga agus chuaidh Niall go dtí an aonach seó, agus bhí bó leis. Fuair sé luach maith uirthi, agus síl sé go rachfad sé isteach idteach d’tabhairne le uisge beatha le ól ann. Nuair a bhí a saith ólta aige tháinig sé amach. Nuair a bhí sé tamhaill amuigh, thoisigh sé a rádh, “Níl aon duine ins na Cealla Beaga indiu ábalta mise a bhuaileadh”. Chualaidh fear amháin an rud a bhí sé a radh. Thóisigh sé ag troid le Niall, acht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Beirn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Mhín Bhog, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seosamh Ó Béirn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Mhín Bhog, Co. Dhún na nGall