Scoil: Mín Teineadh Dé (uimhir rolla 8517)

Suíomh:
Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 40

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 40

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Teineadh Dé
  2. XML Leathanach 40
  3. XML “Scéal Greannmhar”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    thug sé a aghaidh ar an bhaile. Ní rabh sé ábalta a theacht abhaile bhí sé comh dorcha sin agus b'éigin dó suidhe síos aríst. Nuair a tháinig bánughadh an lae ann thosuigh sé ar a thurais. Nuair a shroich sé an bhaile bhí an-ocras air. Bhí a bhean amuigh a' chuartughadh. D'iarr sí air caidé a choinnigh sé ar an chnoc le trí lá agus dubhairt sé do'n bhean gach rud a thárlaidh dó agus bhí iontas uirthí. Ní dheachaidh Liam amach ag seilg go cionn tamaill airíst, nó bhí eagla air.
    Áine Ní Dhomhnaill
    Carraig a' tSléibhe
    Árd a Rátha.
    Micheál Ó Domhnaill
    Carraig a' tSléibhe
    Árd a Rátha.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Scéal

    Bhí seanduine agus a bheirt mhac ag siubhal an bhothar lá 'mháin. Bhí asal aca. Dó bhuail triúr fear leo.

    Bhí seanduine agus a bheirt mhac ag siubhal ar bhóthar lá 'mháin. Bhí asail aca. Dó bhuail triúr fear leo. "Nach greannmhar an sgéal é." arsa duine aca, "iad seo a bheith ag coridheacht, agus asal láidir aca." Nuair a chualaidh fir an asail an chainnt seo, dubhairt duine de na fearaibh óga le na athair dhul in airde ar mhuineal an asail, agus i gcionn tamaill eile bhuail beirt nó triúr eile leo. "Nach deas an rud é." arsa duine aca don tseanduine seo
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eiblín Ní Cinneidhe
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall