Scoil: Mín Teineadh Dé (uimhir rolla 8517)
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deirtear go bfuil póta óir i bhfolach thall ar an chnoc sin ar a dtugtar "Druim an Fhir Mhóir". Tá an cnoc seo tuairim agus trí mhíle go léith ó bhaile, Árd an Rátha. Tá sé tuairim agus leath-mhíle ó'n bhealach mhóir.Tá fáthach cúrtha san áit seo. Nuair a chuir siad sa'n uaigh é deirtear gur chuir siad an póta óir seo faoi na cheann. Thig leat an áit seo a fheiceáil a bhfuil an t-ór i bhfolach. Thig leat é a fheiceáil agus tú i do sheasamh míle ó'n áit mar ath glás ar an chearnóg sin a bhfuil sé curtha, tá sé comh glás leis an gheamhair a bíonn ag fás ins an chuibhreann ins an t-Samhradh. Tá fraoch ag fás ar an chuid eile de'n cnoc. Tá fhios agat go bhfuil dáth donn ar an fhraoich agus ar an dóigh sin tá dath donn ar an chui eile de'n cnoc.
Tuairim agus fiche bliadhain ó shoin, rinne cúpla fear as Gleann Domhain airracht leis an ór seo a fhághail(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighread Ní Bhreisleain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cró an Chaorthainn, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac A' Bháird
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cró an Chaorthainn, Co. Dhún na nGall