Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 163
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí cailín ar aimsir i dteach úr am amháin. Ní rabh duine ar bhith sa teach seo acht fear agus a bhean.”
(ar lean ón leathanach roimhe)fhios ag an cailín gurab é an gaduidhe a phós sí.
Thug an fear an cailín leis go dtí a theach féin. Nuair a chuaid siad isteach dubhairt an fear le na mhathair gurb í seo an cailín a sgaoil a mac. Dubhairt an mhathair nach rabh fhios aicí caidé ba chor a dheánamh leithi. Arsa sise fág annsin í go ndeánaid mise suas mo inntin.
Thug an fear an cailín leis annsin agus cheangail a gruag do crann agus dfhag sé fear eile ag coimhead, uirthi. Nuair a bhí an fear a bhí ag coimhead nuair a bhí sé astoigh ag a dhinnir chuaidh fear síos an ród agus trucall agus capall leis agus bocsaí ar an trucall. Chonnaic an cailín é. Thoisigh sí ag tarraingt agus ag tarraingt agus sa deireadh bhris an crann a raibh sí ceangailte do. Annsin rith sí go bhfuair sí suas leis an trucall.
Dinnis sí don fhear gach rud a tharlaigh agus thoisigh sí a iarraidh air i a leigint isteach i mbocsa. Dubhairt sí go dtabhairfeadh sí rud ar bith do dá leigeadh sé í agus shuid sé féin ar an bhocsa.
Ní rabh sí i bhfadh astoigh no go dtáinig fear ag marcuidheacht ar chapall agus chuir sé ceist ar an bhfaca sé cailín agus gúna dearg uirthi mar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Dhubhgain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Srath Bruithne Íochtarach, Co. Dhún na nGall