Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 234
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear ann fad ó shoin agus chuaidh sé anonn go Meiriceá chuid daoine muinteara a bhí aige thall annsin.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Agus thoisigh siad ag troid agus marbhuigh ceann acú.
Ní rabh fagtha anois acht beirt annsin. D'innis Brian dá maighstir nach mbéadh moill air na taidhbhsí a mharbhadh agus go bhfanochadh sé ann cupla oidhche eile.
An dara oidhche tháinig siad fosta agus sul ar thoisigh siad ar an teach tóg sé cloch agus bhuail sé ceann acú agus shoil seisean gurab é an fear eile a rinne é agus marbhuigh fear acú. Ní rabh fágtha anois acht fear amháin.
D'fhan sé ann an oidhche na dhiaidh sin fosta. Níortháinig an oidhche thainig an fathach mór isteach. D'éirigh Brian na seasamh agus d'iarr Brian ar theacht go mbéadh cupa tae acú agus d'imthigh siad leobhtha go teach agus dorduigh Brian tae a dheanamh réidh agus rinneadh. Níor ith Brian dadaidh acht [chuir?] sé iomlan de istuigh sa chraiceann nuair a bhí an fathach réidh thug Brian leis sgian agus ghearr sé suas an chraiceann agus leig sé amach an t-arán agus an tae. Annsin diarr sé ar an fathach an rud céadna a dheanamh agus ní luaithe a ghearr sé é fhéin no thuit sé mharbh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghóill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Cnoc an Cheo, Co. Dhún na nGall