Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bíonn sé na chomhnuidhe an chuid is mo de’n am fán uisge, acht tigeann sé i dtír nuair a bíonn rud ar bith aige le n-ithe no nuair a bhíonn sé ag cuartúgadh éanach.
Tá ainmhidhe eile ann ar a dtugtar an cat fíadhain air. Bíonn gach eile dath ortha - cuid aca dubh, cuid bán, cuid donn agus cuid breac. Itheann siad coininí, eanacha, gearrfhiadhacha, agus gach aon rud eile atá le fághail aca. Cuireadh siad uaigneas ort indhiaidh na h-oidhche no bíonn siad ag caoineadh go hArd. Bíonn siad thart fa na toighthibh ag iarraidh na cait eile a mhealladh ar siubhail leo.
Tá ainmhidhe eile ann ar a dtugtar an each uisge air. Bíonn dath deas air - stríoc dubh agus stríoc ban air. Tá deanamh caiple air, acht níl sé acht fa thuairim méid searrach. Tá dhá chluais an ghoirid air.
Tigeann sé amach as an uisge lá maith agus luigheann sé ar an talamh tirm agus codluigheann sé. Itheann sé gach cineal éanach atá fán fhairrge, agus itheann sé eisg fosda.
Bhí ceann aca ‘na chodladh lá amhain agus fuair fear greim air agus thug leis abhaile é acht nuair a bhí siad ag gabhail trasna abha a bhí ann, chuaidh an each - uisge síos faoi an uisge agus d’imthigh leis.Tá ainmhidhe eile ann ar a dtugtar an “Gráineog-Fheir”(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cait Ní hÉigheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Chruach Bheag, Co. Dhún na nGall