Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: G.P. Pléimeann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal
- XML Leathanach 007
- XML “Seanchas fá Naomh Colmcille”
- XML “Seanchas fá Naomh Colmcille”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bhí Naomh Colmcille i na chomhnuidhe ar an Bhíofán bhí sé an mhór le fear ar an Bhaile Árd.
Thigeadh sé ag amharc air go minic. Shil an bhean go rabh Colmcille ag cur an fear amugha agus d'amharc sí amac agus chonnaic sí Colmcille ag teacht. "Gabh síos i luighe thusa agus leig ort go bhfuil tú tinn" ar sa sise. Chuaidh an fear síos i luighe agus tháinig Colmcille isteach.
"Cá bhfuil an fear indiu? arsa seisean. "Tá sé tinn" ar sise "Bhal" arsa Naomh Colmcille "Má tá sé tinn go rabh sé slán agus muna bhfuil sé tinn go bhfaghaidh sé bás."
Annsin dimthigh sé amac agus chuaidh an bhean síos go ninnseochadh sí an rud a dubhairt Colmcille do'n fhear. Bhí an fear i na luighe sa leabaidh agus é marbh. - ...féach an chéad leathanach eile... 008... don bhunchóip Ghaeilge air seo...:Lá amháin nuair a bhí Colmcille ag siubhail thart thuit cnaipe de na chóta. Chuaidh sé isteach i dteach a rabh tailliúir agus gréasaidhe ag obair ann.
D'iarr sé ar an tailliúir an cnaipe a fhuaghail agus ní fhuaghallfhadh sé dó é. Annsin chuaidh sé fhad leis an ghréasaidhe agus d'fhuagh an ghréasaide an cnaipe dó.
Indiaidh sin nuair a pholladh an tailliúir a mhéar le na snathaidh tigeadh sé fá thuilleadh air, ac is cuma caidé'n poll a dhéanfadh an gréasaidhe ar a mhéir ní thiocfadh sé fá thuillead air.