Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: G.P. Pléimeann
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 005](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1045%2FCBES_1045_005.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 005
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal
- XML Leathanach 005
- XML “Seanchas fá Naomh Colm Cille”
- XML “Seanchas fá Naomh Colmcille”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhí Naomh Colmcille i mBiofán chuaidh sé fhad le Baile Árd. Chuaidh sé isteach i dteach amháin.
Chonnaic bean an toighe Colmcille ag teacht agus d'iarr sé ar fhear a toighe gabhail 'na luighe go rachadh Colmcille ar shiubhal.
Chuaidh an fear na luighe agus tháinic Colmcille isteach agus d'fhiafruigh sé cá rabh fear an toighe.
Dubhairt an bhean go rabh sé i na luighe tinn. Annsin dubhairt Colmcille "Má tá sé tinn gheobhaidh sé slán agus muna bhfuil sé tinn gheobhaidh sé bás."
D'imthigh Colmcille agus chuaidh an bhean suas fhad leis an t-seomra agus nuair a chuaidh sí suas bhí an fear marbh.- Bailitheoir
- Pádraic Mac Niallghuis
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Nuair a bhí Naomh Colmcille thiar ar an Gharb Ros rinne sé turas agus bhí cloch mhór amháin san áit sin. Dubhairt Naomh Colmcille nuair a bhéadh cogadh i n-Eirinn an chead duine a sheasochadh ar an cloich sin béad sé sábháilte.(leanann ar an chéad leathanach eile)