School: Caiseal (roll number 13055)
- Location:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Teacher: G.P. Pléimeann
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhí na dlighthe peannideacha ar bun, bhí mórán uamhaighthe faoi an talamh. Bhí uamhaigh amhain i mBíoran a imeall na fairrge.
Cuaidh na daoine uilig dh sagart amhain isteach ann. Bhí na saighdiuirí ag cuartughad an tsagairt agus fuair siad amach cá raibh an uamhaigh.
Cuir an sagart leitir síos a chórda fhad leis na daoine 'san uamhaigh ag insinnt daobhtha caidé bhí na saighdiuirí ag gabháil a dhéanamh.
Tháinic na saighdiuirí fad leis an uamhaigh agus chuir siad na daoine amach 'san fhairrge.
Báithead an t-iomlan aca ach bean amháin agus giorsach léithi. Fuair an bean agus an giorsach suas ar charraic ach sgaoil na saighdiuirí iad. Una an t-ainm a bhí ar an bhean agus sgailp Una an t-ainm a bheirtear ar an charraic go dtí an lá at bhfuil indiú ann. Fuair na saighdiúirí greim ar an tsagart annsin agus sgaoil siad é.
Proinnséas Ua Miannán- Collector
- Proinnséas Ua Miannán
- Gender
- Male