Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: G.P. Pléimeann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá amháin nuair a bhí Colmcille ag siubhail thart thuit cnaipe de na chóta. Chuaidh sé isteach i dteach a rabh tailliúir agus gréasaidhe ag obair ann.D'iarr sé ar an tailliúir an cnaipe a fhuaghail agus ní fhuaghallfadh sé dó é. Annsin chuaidh sé fhad leis an ghréasaidhe agus d'fhuagh an ghréasaidhe an cnaipe dó.I ndiaidh sin nuair a pholladh an tailliúir a mhéar le na snathadh tigeadh sé fá thuilleadh air, ach is cuma caidé'n poll a dhéanfadh an gréasaidhe ar a mhéir ní thiocfadh sé fá thuilleadh air.
Máire Nic Fhionnlaocih as Ceann na Cuilleadh a sgíobh an sgeál sin ó n-a h-athair mór, sean-fhear cúig bliadhana agus ceithre sgór. Mhair se tamall i n-America. Chualaidh mé an sgéal céádna as "Jimmy Donnelly" cupla bliadain o shoin. Tá scoth na Gaedilge ins an dá áit ceanna(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Fhionnlaoich
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cionn na Coilleadh, Co. Dhún na nGall