Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: G.P. Pléimeann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear i na comhnaidhe ar an Garbh-Ros am amháin. Oidhche amhain tháinic fear isteach ag iarraidh air gabhail chuig a teach fhéin no go rabh a bhó tinn agus go rabh sé fhéin ag gabhail chuig bhainfheis. Déirigh an fear agus chuaidh sé leis. Nuair a bhí siad tamall i na suidhe déirigh fear an toighe agus chuaidh sé go dtí an bhainfheis.
Suidhe an fear eile ag coimheadh na bó. Bhí sé ghá choimheadh tamall nuair a tháinig girrfiadh isteach ar an doras agus chuaidh sí ag tarraingt bainne as an bhó, déirigh an fear agus cuir sé i amach. Táinig sí isteach ath-uair agus chuir sé carr ar an fhear. Chait an fear fód uirthí gur chuir sé amach í. Tháinig sí isteach an tríomhadh uair. Rug an fear ar a ghuna agus chuir sé píosa sé-phiginn isteach ann. Sgaoil sé an t-urchar agus bhuail sé an girrfiadh agus ar an bhomaithe d’éirigh sí suas i n-a bhean. - Bhí muirighean ina gcomhnuidhe ar an Mhalainn Mhóir uair amháin agus lá amháin bhí bean an toighe ag buaileadh bainne ach ní tháinig im ar bith air. D’innis sí an sgeal do fear an toighe agus seachtmháin in a dhiaidh sin bhuail siad arais acht ní rabh im ar bith air an lá seo acht oiread. Nuair a bhí an maistreadh buailte aca tháinig bean déirce isteach agus d’innis bean an toighe an sgéal dí. Dubhairt an bhean déirce go n-innseochadh sise daobhtha goidé a dheánfadh siad.
D’iarr sí ortha maistreadh eile a chruinnuighadh agus nuair a bhéadh siad ag gabhail a bhuaileadh cárda béirinn bhíg a chur ar than na cuinneoige agus nuair a bhéadh sin déanta chaithfeadh sí an bainne a bhuaileadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Úna Nic Giolla Easbuic
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cionn na Coilleadh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Giolla Easbuic
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cionn na Coilleadh, Co. Dhún na nGall