Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: G.P. Pléimeann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fhág an tír seo ariamh. Fuair Pádraic Mac Niallghuis an sgéal céadhna ar an Chaiseal, Baile Fearann comhgharach do Chill Fanaid.
- Bhí fear ins an Ghleann seo fad ó shoin agus bhí sé an-ghlic. Lá amháin bhí sé ag gabhail amach ‘na Cairrice agus casadh fear air agus bhi muc leis. Shiubhail siad leobhtha agus ba ghoirid gur casadh tuilleadh fir ortha agus muc le gach fear. Annsin shíl an fear go mbéadh muc aige fhéin. Fuair sé greim cruaidh ar an bhata in a láimh agus dubhairt. In ainm an deamhain’ sa dhiabhail béidh muc agam fhéin agus bhuail boc ar buachallan buaidhe a bhí ag fás. Lionntuigh an buachallán isteach in a mhuic. Chuaidh sé ‘un’ an aonaigh leis an mhuic agus fuair sé an ‘piginn [is aoirde]? as an aonach. Annsin nuair a bhí an fear a cheannuigh an mhuic ag gabhail ‘na’ bhaile bhí aige leis an abhain a siubhail. Nuair a bhí sé fhéin agus an mhuc i lár na h-abhna thionntuigh an mhuc isteach í mbuachallan buidhe agus d’imthig leis an tuile.
Thionntuigh an fear chun an aonaigh aríst agus chonnaic sé an fear ar cheannuigh se an mhuc uaidh.
Rith sé i na dhiaidh le na chuid airgead a fhaghail uaidh agus rith an fear isteach i siopa agus fuair se greim lámh ar nuair a bhí sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Mac Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Fhathnaid, Co. Dhún na nGall