Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: G.P. Pléimeann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal
- XML Leathanach 049
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear ann fád ó shoin agus bhí sé amuigh...”
(ar lean ón leathanach roimhe)na sidheógaí isteach i gcrúth caith agus bhí ceann an-mhór ann. Thug an fear gloine poitín daobhtha i bpoll ins an urlár d’ól siad é agus chuaidh amach. Ní rabh uaigneas ar bith air ó sin amach.(gan teideal)
“Bhí fear i n-Gleann aon uair amháin darbh ainm "Johnny". ...”
Bhí fear i n-Gleann aon uair amháin darbh ainm “Jonny”. Lá amháin tháinig fear na ratai thart leis an talamh a roinnt agus ní rabh sé ag tabhairt go leór talamh do “Jonny”. D’iarr “Jonny” air níos mó talamh a thabhairt dó. Dubhairt ceann de na péis go rabh go leór aige.
“Manamh” arsa “Jonny” “go mbrissidh mé mur múineáil”. Le sin rug an péis greim air agus thug iarraidh é a ghabhadh. Thug “Jonny” thart a lámh agus fuair greim ar an péis agus tharraing sé é isteach sa dígh. Thoisigh an beirt aca ag argoint annsin. Sa deireadh cuir an péas fearg air “Jonney” agus ar seisean, “Rachfaidh mé in do mullach go gcaillfidh tú do anál, muna n-iarrann tú air do reirbhis níos mó talamh a thabhairt damh”.
“Ma leigeann tú amach ar an digh mé béarfaidh mé air dubladh a thabhairt duit”, arsa’n péas. D’éirigh sé annsin agus dubhairt sé, “Tá mé sáor anios agus ní bhfuighfidh tú aon ghiota de talamh níos mó ná tá tú a fhagháil”, agus thoisigh sé ag reathaigh ar shiubhail. Bhí Jonny comh gasta leis agus fuair sé suas leis. “Tá tú faoi mó throcaire aníos agus ní mó trocaire gheobhas tú”, arsa Jonney.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Conall Ua Gadhra
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó h-Aodhaiáin
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Baile Ard, Co. Dhún na nGall