Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: G.P. Pléimeann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal
- XML Leathanach 040
- XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”
- XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”
- XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag gabhail suas an staighre agus leig sé an láimh leis.
Thuit an fear i laige agus thionntuighan fear anuas agus fuair greim ar an lámh agus ghreamuigh ar a ghualainn aríst é.
Annsin d’éirigh an fear a bhí i laige agus fuair sé an t-airgead aríst. - Bhí fir ins an Ghleann seo tuairm as fiche bliadhain ó shoin dar b’ainm daobhtha laighiní agus bhí púnt beag aca agus theidheamh siad anonn go Sligeach agus aríst. Ach uair amháin chuaidh siad anonn agus nuair a bhí siad ag teacht araise tháinic an stoirim. Bhí bucoid leobhtha. Thoisigh an t-uisge a theacht isteach agus theann siad ar na madaí-ramhaí, agus fá dheireadh landáil siad i gcuibhreann preataí. Nuair a tháinic siad amach as an bhad thiocfadh leobhtha a gcuid lámha a chur amach eadar na claraí.
- Bailitheoir
- Seaghan Pádraic Mac Giolla Easbuic
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seaghan Mac Giolla Easbuic
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Siopadóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Bhí fear i na chomhnaidhe ar an coillte Fanaid darbh ainm Seán De Burca. Bhí sé lá amháin é fhéin agus cupla fear eile amuigh ins na sléibhte ag déanamh poitín. Nuair a bhí siad tamall maith ag déanamh póitín(leanann ar an chéad leathanach eile)