Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)
- Suíomh:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Ceannfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lougheraherk
- XML Leathanach 212
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Chuaidh Murchadh Beag agus Murchadh Mór amach lá amháin ag bhainnt sughcraobh. An méid a bhain Murchadh Mór thug sé do Mhurchadh Beag iad le cur i dteaisgidh.”
Chuaidh Murchadh Beag agus Murchadh Mór amach lá amháin ag bhainnt sughcraobh. An méid a bhain Murchadh Mór thug sé do Mhurchadh Beag iad le cur i dtaisgidh. Nuair a bhí deireadh bainte ag Murchadh Mór, d’iarr sé ar Mhurchadh Bheag an méid a bhain sé a thabhairt do. “Ó! arsa Murchadh Beag, “an méid a fuair mise d’ith mé iad”. “Maise, má dith”, arsa Murchadh Mór, buailfidh mise luach an iomláin ort anois. Cuaidh sé fa choinne slaite. “Cá bhfuil tú ag dul”? arsa’n t-slat.
“Slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar, géar, mar d’ith sé mo chuid sughcraobh aréir”.
“Chá dtéidhim-se leat”, arsa’n t-slat, “go bhfuig tú tuagh a bhainfeas mé.
Chuaidh sé fá dhein an tuaigh annsin.
“Cá bhfuil tú ag dul”? arsa’n tuagh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Ceannfhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac g Ceannfhaele
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Seoladh
- Cill Fhathnaid, Co. Dhún na nGall