Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)
- Suíomh:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Ceannfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lougheraherk
- XML Leathanach 213
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Chuaidh Murchadh Beag agus Murchadh Mór amach lá amháin ag bhainnt sughcraobh. An méid a bhain Murchadh Mór thug sé do Mhurchadh Beag iad le cur i dteaisgidh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)“Tuagh a bhainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar, géar mar d’ith sé mo chuid sughcraobh aréir”.
“Ní rachaidh mise leat”, arsa’n tuag, go bhfuig tú cloch a líomhfas mé”.
Chuaidh sé fá dhéin na cloiche annsin.
“Cá bhfuil tú ag dul?” arsa’n chloch?
Cloch a líomhfadh tuagh, tuagh a bhainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar, géar mar d’ith sé mo chuid sughcraobh aréir.
“Chá dtéidhim-se leat” arsa’n chloch, “go bhfuigh tú uisce a fhliuchfas mé.
Chuaidh sé fá dhéin an uisce annsin.
“Cá bhfuil tú ag dul? arsa’n t-uisce.
“Uisce a fhliuchfadh cloch, cloch a líomfadh tuagh, tuagh a bhainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar, géar mar d’ith sé mo chuid sughcraobh aréir”.
Chá dtéidhim leat, arsa’n t-uisce, go bhfuig tú fiadh a shnamh fas mé.
Chuaidh sé fá dhéin an fhiaidh annsin.
“Cá bhfuil tú ag dul”? arsa’n fiadh.
Fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Ceannfhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac g Ceannfhaele
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Seoladh
- Cill Fhathnaid, Co. Dhún na nGall