Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)
- Suíomh:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Ceannfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lougheraherk
- XML Leathanach 214
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Chuaidh Murchadh Beag agus Murchadh Mór amach lá amháin ag bhainnt sughcraobh. An méid a bhain Murchadh Mór thug sé do Mhurchadh Beag iad le cur i dteaisgidh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)fhliuchfadh cloch, cloch a líomhfadh tuagh, tuagh a bhainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar, géar, mar d’ith sé mo chuid sughcraobh aréir”
Ní rachaidh mise leat, arsa’n fradh, go bhfuig tú gadhar a ruaigfear mé.
Chuaidh sé fá choinne an ghadhair annsin.
“Cá bhfuil tú ag dul?” arsa’n gadar.
“Gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a fhliuchfadh cloch, cloch a líomfadh tuagh, tuagh a bhainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murcádh Beag go géar, géar, mar d’ith sé mo cuid sughcraobh aréir”.
Ní rachaidh mise leat, arsa’n gadhar, go bhfághaidh tú im a chuimleóchas mé do mo chuid cósa.
Chuaidh sé fá dhéin an ime annsin.
“Cá bhfuil tú ag dul? arsa’ t-im.
“Im do chosa, gadhar, gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a fhliuchfadh cloch, cloch a líomfadh tuagh, tuagh a bhainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Ceannfhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac g Ceannfhaele
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Seoladh
- Cill Fhathnaid, Co. Dhún na nGall