Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)
- Suíomh:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Ceannfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lougheraherk
- XML Leathanach 248
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear i nAlbain aon uair amháin agus bhí sé iongantach tughtha de'n ól. Chuaidh sé go teach taibhirne lá amháin agus níor stad sé de'n ól go rabh sé ar meisge.”
Bhí fear i nAlbain aon uair amháin agus bhí sé iongantach tughtha de'n ól. Chuaidh sé go teach taibhirne lá amháin agus níor stad sé de'n ól go rabh sé ar meisge. Cheannuigh sé leath phionnta biotailte annsin agus thug sé a agaidh ar an bhaile
Shiubhal sé leis, agus shiubhal sé leis, i n-amannaí ag dul ar seachrán go dtí sa deireadh gur thuit sé síos i gcionn de na poill in a mbaintear an gual. Sgánnruigh sé go mór agus thoisigh sé ag béicfigh:
“Cá bhfuil mé? Cia h-áit a bhfuil mé ar chor ar bith?”.
Chualaidh duine de na fir a bhí ag obair san mhianach é agus thárraing sé air ach bhí sé i gcomhnuidhe ag glaoid:
“Cá bhfuil mé? Cia h-áit a bhfuil(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Ceannfhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Brian Ua hAodhagáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Srath na gCartán, Co. Dhún na nGall