Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 289
- XML “Scéal Ard an Fheannaidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a shroich siad leaba Fhinn bhí Diarmuid Donn ina shuí ar an cholbha agus chroith sé a cheann leo,nach raibh gar ann; go raibh Fionn ag fáil bháis den náire.
Dá mbeadh sé i mbéal an bháis ní ligfinnse dó é a shlogadh" arsa Goll agus chuaigh suas go colbha na leapa.
" A Fhinn Mhic Chumhaill", a deir sé, " seo chugat cinn an dáréag a d'imigh ó pháirc an áir: Seo chugat creacha an chabhlaigh a bhí acu ar an Ghaoth Bearra, seo chugat cuid de luaith an chabhlaigh sin" -dá chaitheamh air- "agus éirigh ó do leabaidh nó níl duine nó diúlach anois fágtha le scéal a dhéanamh ort:"
D'éirigh Fionn de phreab as a leabaidh, hullmhaíodh agus rinneadh réidh an féasta a ba mhó dá raibh ariamh acu,thoisigh an ceol agus an seinm agus mhair an coirm sin seacht lá agus seacht n-oíche.
Thug na Fianna Ard an Innseochais air ina dhiaidh sin ón innse a rinne Conán, ach tá Ard an Fheannaidh air go dtí'n lá inniu.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ua Bhraonáin
- Inscne
- Baineann