Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)comh hárd sin go dtiocadh leis seasamh suas díreach ann. Annsin thoisigh sé lena chlaidheamh agus scoiit anuas an phéist go dtí'n ruball (earball). Thuit na Fianna uilig amach gortuighthe agus brúighte ach gan duine ar bith acu marbh. B'é Conán an duine deireannach a thuit amach cionnas go rabh se sios cóir ag a earball agus ní raibh a'n ghreim gruaige ar a cheann ag teacht amach do le teas agus mí-náduracht na háite ina raibh sé.
Thoisigh an phéist ag dóirteadh a cuid fola isteach 'sa' loch gur dearnadh dearg an t-uisce agus tugadh Loch Dearg ar an loch sin ó shoin. Deirtear gur fada gur imthigh an dath ar an uisce agus tá daoine ann a d'innseochadh duit go bhfuil síon dearg ann go fóill. Innistear dúinne fosda gur mar sin a fuair Conán an bhlagad.O Máire Bean Ua Bhraonáin oide scoile nach maireann, a fuair ó athair a céile é - Proinnseas Ua Braonáin a d'eag 1888. R.Ní B.- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ua Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Proinnseas Ua Braonáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann