Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 326
- XML “Oileán Glóire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an chaisleáin, toban uisge le d'thaoibh agus sopóg cruithneachta ar an taoibh eile, agus daréir mar sheideochas an ghaoth gráinín do'n chruithneacht a chur isteach san uisge, an dá chuid a ithe le chéile.
Suas leis an bhainrioghan ar an tsimléar agus d'imigh siadsan.
Nuair a bhí siad fá shiubhal lae ó'n áit a raibh an stail ghorm chuaidh siad isteach i dteach agus d'iarr lóistín go maidin agus fuair. Dubhairt fear a toighe gur bhréagh an triúr gaisgiach iad an raibh dochar fiafruigh cá raibh siad ag dul.
Dubhairt siad go raibh siad ag dul a ghoid an stail dhubh a bhí ag Rígh Dubh an Ghleanna. Bhí clúmhdú clog ar an stail agus comh luath agus chuirfeadh duine ar bith lámh air go gcraithfeadh sé é fein;thógfadh sin oiread calláin agus go mbeadh Rí Dubh an Ghleanna agus a chuid fear uilig amuigh i bpreabadh na súl.
Dubhairt Rógaire an Bhearaid Dhuibh go raibh sé beo ar rud ar bith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mhac Gloinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Eirg, Co. Dhún na nGall