Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 382
- XML “Na Colmáin Bhána”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)each agus sgiob sé an t-adhastar agus as go brách leis agus an beathach leis.
Cheangail giolla istigh é i stábla agus níor bhlas sé biadh nó deoch ar feadh trí lá. Ar an cheathramhadh lá tugadh amach é agus sgiob sé féin an t-adhastar ó'n ghiolla agus thug do na bonnaibh.
Sgairt an giolla ar an mhaighistear. Comh luath agus bhí an bheirt le chéile rinne an gasúr colmán dó féin. Rinne siadsan dhá sheabhac dóibh féin agus lean é.
Chuaidh seisean síos simléar phálas an ríogh agus rinne fáinne óir dó féin agus thuit in ucht ingean an ríogh. Thóg sise an fáinne agus chuir ar a méir é.
Rinne siad dhá fhear dóibh féin agus thoisigh 'seinm ar an chlairsigh taoibh amuigh de'n fhuinneoig. D'éist an rí agus an ingean leis an seinnt agus shásuigh sé comh mór sin iad go dtug an rí cuireadh dóibh theacht isteach. Rinne siad tuilleadh seinme(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mhac Gloinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Eirg, Co. Dhún na nGall