Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sealgán
- XML Leathanach 383
- XML “Na Colmáin Bhána”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)istigh agsu bhí an rí comh sásta sin gur gheall sé go dtabhairfeadh sé rud ar bith dóibh a d'iarrfadh siad.
Dubhairt siad go n'iarrfadh siad rud eighinteacht lá thar na bhárach.
Chuaidh siad uilig a luighe ach cha raibh ingean an riógh sínte i gceart go bhfacaidh sí an fear sínte taobh leithe. D'iarr sé uirri gan sgáirtií nó gur b'é eisean an fáinne a thuit chuici an lá roimhe. D'innis sé di go raibh an dá fhear 'brath í a mharbhadh agus gan an fáinne a thabhairt dóibh ar rud ar bith. Bhí tamall comhráidh aca annsin agus thuit siad i ngrádh le chéile ina dhiaidh sin.
Rinne seisean fáinne dó féin arís,chuir sise ar a méir é agus d'éirigh sí le speirthibh an lae. D'iarr an rí ar an dá chláirseoir a rogha rud a iarraidh agus d'iarr siad fáinne na mná óige. Ach d'éirigh sise agus dubhairt gur sin rud nach bhfuigheadh siad go deo. D'fhág sí an seomra agus chuaidh arís fhad lena seomra leabhtha féin. Rinne(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mhac Gloinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Eirg, Co. Dhún na nGall