Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí buntaiste mór ag Goll ar na Fiannaibh uilig nó chaithfeadh siad a gcuid cnámh uilig a bhriseadh agus an smior a thabhairt do Gholl.
'Mian Mar' an t-ainm a bhí ar an bhuntáiste seo. Bhí an smior ag déanamh Ghoill i bhfad níos tréine nó an chuid eile agus dubhairt Oscar lá amháin leis go mbeadh corr aige féin le Goll fán smior.
Chuaidh an bheirt isteach i sgiobál mor folamh ach ní raibh cead aca arm ar bith a thabhairt leo nó ní raibh cead ag duine ar bith dul isteach leo.
Ar chorr ar bith tháinig an bheirt amach arís agus fuarthas faill ar Oscar agus fiafradh dó caidé mar deachaidh an chorraidheacht. ba hé an freagar a thug Oscar " Tá Goll 'na fhear mhaith."
Tháinig tuilleadh aca ar Gholl agus cuireadh an cheist céadna air. 'Sé an freagar a thug(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Proinnseas Ua Braonáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall