Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)
- Suíomh:
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Rois Ní Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)uirri caidé biadh an ghabhair bháin?
Seo an freagra a fuair sé;
" Itheann se cíb agus bárr an fhraoich
Droighean agus drios
Culann glas
Úrlach sléibhte
Diliúr féile
Caorthaí sréana
agus bláth fhuinnseoige."
Chuartaigh an mháthair agus Seán go bhfuair agus go dtug biadh an ghabhair bháin do'n chapall. Tháinig a chosamhlacht féin air arís agus d'imthigh an triúr fhad leis an rígh.
Tugadh an-bhuidheachas do Sheán agus cuireadh an-fháilte roimhe a mháthair agus d'iarr an rí orra caisleán na bhfáthach a chongbhail acht dubhairt an bheantrabhach seanfhocal a mhaireann go dtí'n lá indiú;
"Is fearr fuighleach madaidh nó fuighleach ghaduidhe" agus ní ghlacfadh sí an caisleán ach tugadh ceann i bhfad níos fearr di agus bhí sí féin agus Seán sáidhbhear ó sin amach.
Ó Seán Mac Gloinn, Loch Eirig ( RIP)
R Ní B- Bailitheoir
- Rois Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mhac Gloinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Eirg, Co. Dhún na nGall