Scoil: Cruit Island (uimhir rolla 16069)
- Suíomh:
- An Chruit, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruit Island
- XML Leathanach 19
- XML “Carraic na Spáinne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)taidhbse na mná le feiceail. Deiridhe go rabh clocha síoda ar an spirid seo agus go dtiocfadh leat an fúm a dhéanfadh an t-éadach nuair a bhíodh sí ag siubhal a cluinstin i bfad sula bhfeicfea an spirid. Is iondha duine de na sean daoine a chonnaic agus a chualas í.
Bean a t-Síoda an t-ainm a tugadh uirthí. Tá cnoc beag ar thaobh an bhealaigh mhóir ar an bhealach ó Ceann Caslach go Mullach Dubh "Jane's Hill" a bheirtear air. Tá sé díreach toabh istigh de traigh Mullach dearg, agus is ag an chnoc seo a bhíodh bean a t-Síoda le feiceail i gcomhnuidhe. Jane Lindsay an t-ainm a bhí ar bhean an cháiptin agus sin an t-adhbhar a tugadh "Jane's Hill" ar an chnoc seo.- Bailitheoir
- Pádraig Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Antoin O Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Béal na Cruite, Co. Dhún na nGall