Scoil: Tráigh Éanna (uimhir rolla 16030)

Suíomh:
Bá Thráigh Éanach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
P. Mac Giolla Bhríghde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 104

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 104

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tráigh Éanna
  2. XML Leathanach 104
  3. XML “An Gasúr agus a Mháthair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fháthaig agus thug an gasúr é.
    Tharraing an gasúr ar an bhaile agus mála an airgid leis. Nuair a chuaid sé isteach na thóige chuig a mhátháir [bhí lúghtháir mhór uirthí agus dubhairt sí leis go gcaithfeadh sé] imtheacht go teach an fhátaig an dara lá fósta.
    Nuair a tháinic maidín an lae thar na bháraigh chuaid an gasúr igcionn a bhealaigh áirise. Bhí an fháthach na chodladh nuair a chuaid an gasúr isteach agus bhí cearch óir ag na thaobh. Ach’án lá bhreithfead an cearc seo uibh ór agus bhí an mhéid uibeacha a bhréic sí lé mí roimhe sin asthóig imbasgaidh ag na taobh. Thóg an gasúr an bhásgaid agus thug a aghaidh ar an bhaile.
    Ma bhí lúghthair ar mháthair na gasúra an chead uair bhí a dhá oiread uirthí anois. Acht bíonn na mná sanntach igcomhnuide agus ar an tríomhadh maidín d’iarr sí air a ghábhail igcionn an bhealaigh airíse. Rinne an gasúr mar h-iarrfadh air agus rinne sé réid le na tríomhadh áiste a dheanámh.
    Chuaidh sé go tóig an fháthaig agus chosamhail leis an dára lá bhi sé na chodhladh. Bhí a intinn deantá suas aige an t-ámh seo cearc an ór a ghoid. Chuaid sé isteach in seomrá an fháthaig, Thóg sé an cearc ahus bhí sí comh tromh sin gur ann, acht é gur rabh sé abaltá í a iomchar. Go díreac nuair a bhí an gasúr ag gábhail amach ar an doras léig an (gasúr) cearc sgread agus mhusghail an fáthach. D’éirig an fátach le rúide agus lean sé an gasúr. Rith an gasúr a méid a bhí ina chorp
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Aodh Ó Canann
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Peadar Ó Dubhthaigh
    Inscne
    Fireann