Scoil: Tráigh Éanna (uimhir rolla 16030)
- Suíomh:
- Bá Thráigh Éanach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: P. Mac Giolla Bhríghde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Éanna
- XML Leathanach 109
- XML “An Gasúr Amaideach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)é, a leigheasfadh duine ar bith is cuma ce’n galar a béadh air. Nuair a bruighfidhé an cnaiphe a bhí ar an chrios ritheadh an t-ór amach mar béadh uisge ann. D’fág an gasúr slán acu agus d’imthigh leis na bhaile. Siubhal sé leis go dtáinic deireadh an lae chonnaic sé solus i bhfad uaidh agus in neas do agus tarraing air. Chuaidh sé isteach agus d’iarr loistín. Fuair sé loistín agus ar maidín láe ar na bhárach chuaidh sé i gcionn an bealaigh. Tráthnóna an lae sin tháinig sé fhad le na theach fhéin. Chuaidh sé isteach agus chuir a mháthair míle fáilte roimhe. D’iarr sé dinnéir a deanamh réidh do. Ó arsa an mháthair níl aon greim bidhe faoi ballaibh an toighe agus thoisigh sí ag caoineadh. Bhal tá neart liomsa. D’iarr sé ar an bhata dinnéir a deanamh réidh do fhéin agus a mháthair. I gcionn bomaite bhí an tábla a ba dheise do chonnaic súil araimh. Shuidh an bheirt síos agus d’ith siad a sáith. Indiaidh sin dubhairt sí gur maith léithe grainín airgid a béith aicí. Bhain sé de an bheilt bhrúigh an cnaipe agus tháinig an t-ór amach mar béadh uisge ann. Bhí iongantas an domhain ar an mháthair nuair a choinnaic sí an t-ór ag teacht amach. Bhí dóigh bhréagh ortá anois agus bí an gasúr ag spáisteóracht thart. Lá amháin smaointigh sé ar theach a cur suas. D’fhág sé annsin é go dtiocfadh an amsir mhaith. Bhí inghean ag an rí agus bhí sí tinn. Bhí galar millteanach uirthi nach dtiocfadh le doctúir ar bith a leigheas. Beirfeadh an rí í le pósadh do dhuine ar bith a leigheasfadh í. Smaointigh sé go rachfadh sé chúig an rí leis an inghean a léigheas. Bhí garrda tart air ar theach an rí agus ní leigfeadh siad isteach é. Cuireadh sghéala chuig an righ agus thug an righ chéad do a gabhail(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brian Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Donaidhe Liam
- Inscne
- Fireann