Scoil: Tráigh Éanna (uimhir rolla 16030)
- Suíomh:
- Bá Thráigh Éanach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: P. Mac Giolla Bhríghde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Éanna
- XML Leathanach 169
- XML “Seanamhrán”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanamhrán (ar lean)
“Caidé atá cear leat a taisghidh", arsa Máire”
(ar lean ón leathanach roimhe)D’éirigh mé ar maidín go luath gasta
Is ní rabh i bhfad ag déanamh réidh.
Nuair a bhí an chuid eile aca cíortha sliota
Bhí mé fhéin is mo bhunal imbealach atha féithScéal
“Bhí gasúr beag ann uair amháin 7 bhí sé ag teacht i'na bhaile ón sgoil. Bhí sé ag siubhal go ciúin agus é ag amharc uaidh ar gach taobh de.”
Sgéal.
Bhí gasúr beag ann uair amháin agus bhí sé ag teacht i’na bhaile ón sgoil. Bhí sé ag siubhal go ciúir agus é ag amharc uaid ar gach taobh de. Nuair a bhí sé fá ghiota de’n bhaile sonnrughadh sé ar spéir ag éirighe dorcha agus níor bhfada gur toisigh an tóirneach. Thug sé dó na bonnaí e comh tiugh géar is tháinic leis, agus nuair a bhí sé ag a thigh bhí a chroidhe ar bhárr a goib leis le tréan eagla. Annsin thoisigh sé i sgairthigh amach. “A mhamaí, a mhamaí” dean deifre, dean deifre, nó cá deireadh an tsaoghail ann”. “Agus ca bhfuil tú ag dúl a rún”. “Isteach faoi’n leabhaidh ar ndóigh nach h-é sin an áit a dhteachaidh mé fein agus Úna an t-am deireannac a dubhairt tusa go rabh deireadh an t-saoghail ann