Scoil: Tráigh Éanna (uimhir rolla 16030)
- Suíomh:
- Bá Thráigh Éanach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: P. Mac Giolla Bhríghde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Éanna
- XML Leathanach 191
- XML “An Fidléir Caoch”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Fidileor Caoch.
Ba’s Tír Eoghain a tháinig an Fidileor Caoch idtús ama. Bá é an fidiléor a ba binne dar bhuail port ariamh. Ní iarrfa pleisiúr acht ag éisteacht leis. Caith sé a shaoghal ins na Posaibh ó tháinig sé ann na [stóchach]? go rabh sé ina shéandhuine. Ní rabh aon bhainfheis ins an pobal nach rabh sé aice. Tháinig an aois ar an duine bocht mar a thig sí igcomhnuidhe agus ins an deireadh tugadh se déar é ag éirigh tostach trom - chraidtheach.
Bí sé le h-aithne ar fhéin go rabh cumhaidh air. Oidhche amháin bhí sé ag seinim do lucht bainse idtoigh Magnuis Mhóir. Tamall beag roimh an lá tháinig cailín aníos agus suidh sí ar sugán agus chuir a laimh ar a glún. “Tú fhéin atá ann a stóir arsa’n fidileor. Cé a bhí ann acht Nóra Shéamuis Bháin. Is iomdha oidhche a chaith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann