Scoil: Tráigh Éanna (uimhir rolla 16030)
- Suíomh:
- Bá Thráigh Éanach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: P. Mac Giolla Bhríghde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Éanna
- XML Leathanach 199
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear ann am amháin dairbh ainm Seán. Bhí sé postá ceithre bliadhna sula rabh an cead duine cloinne ann.”
Sgeúl.
Bí fear ann am amháin dairbh ainm Séan. Bí sé postá ceithre bliadhna sula rabh an cead duine cloinne ann. Nuair a rugad an páiste bhí sé corr bhéit seachtmhain sula a baisteadh é. Síl Dia go dtabarfadh sé cuairt an Séan. Tamall mhait san oidhche nuair a bí Séan na codhlad tháinig Dia chuige (Séan). Béidh Mise Mo Cara is Criostaidche ag an leanbh arsa Dia. Smointigh Séan tamall agus sa deireadh dubhairt sé. Ní bhéid. Bíonn tusa go han mhait do na daoine saidhbhre agus is cuma leat fa na daoine boctha. Imthigh leat anois. D’imthig Dia annsin agus níor baisteadh an leanbh go ceann lá eile. An darna oidhche thainig an diabhail cuighe. Béidh mise mo cara is Criostaidhe ag an leanbh. D’amarch Séan air go feargach agus dubhairt. Imthig leat amach as m’amharc ní béidh bainc ar bith agam leat. D’imtigh an diabhail arís. Ar an dóigh sin níor baistead an leanbh go ceann lá éile. An tiomhadh oidhche thainig an bás cuig Séan. D’fiafruigh sé do Shéan a béadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brian Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seamus O Canainn
- Inscne
- Fireann