Scoil: Tráigh Éanna (uimhir rolla 16030)
- Suíomh:
- Bá Thráigh Éanach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: P. Mac Giolla Bhríghde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Éanna
- XML Leathanach 204
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus bíonn giota beag [inne]? leobhtha. Annsin Gearann an Cathalach a chos a baineann sé rud beag fola amach cumalann sé an fhuil ar an t-im. Cuireann sé an t-iomlán ar an ruadh agus annsin fághann siad biseach.
Tá leigeas ag fear dair’b ainm Concubhar Mac Gaothin do leamhan. Léigeas leamhanta an t-ainm atá air. Seo an dóigh a gníd siad é no cuireann sé sniómh sioda thart aran bhall atá leamhanta agus deirean sé focla eiginteach. Ni mháitheann duine ar bith cáidé atá sé e a radh. Thigean an leigheas anuas ó threis go treis ariamh anall.
Thig le duine ar bith sníomh na péiste a deanamh. Leígheas atá ann fa choinne ealach. Thigeann boilg mór ar an ainmhidhe agus gnídheach duine eiginteach an sníomh le snáithe ola os cionn a bheathaidheach trí huaire. Annsin fághann an beathadhach biseach.
Duine ar bith a liagheann druim an “Forc Sléibhe” le na teanga tá léigheas aige do dhóghad. Cumalann sé a theanga dón bhall atá dáighte agus tamall na diaidh sin fághann sé biseach- Bailitheoir
- Brian O Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann